Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí Mánaigh ar Oileán Dúiche thart ar 7ú haois. Tá ballóga theach an phobail ansin go fóill. Tá reilig ansin fosta agus bhí an áit lán coiníní ach ní dhearna na coiníní riamh poll sa reilig. Scéalta eile faoin reilig. | 00:02:35 | |
An altóir atá déanta le clocha cruinne agus cros uirthi. Níl a fhios ag aon duine go díreach c’fhad an altóir ansin. Tá cloch ar an oileán a tugadh as Inis Dúiche, bhí poll sa chloch fá choinne uisce coisricthe agus tá sé in Inis Bó Finne anois. Tá teach pobail ar Inis Dúiche atá déanta go neamhchoitianta, tá clocheochair ann agus fuinneoga iontach caol. Tá reilig ansin fosta agus cé go bhfuil an áit lán coiníní ní dhearna ceann ar bith acu poll sa reilig ariamh. Corp a deirtí a fuarthas a bhí an dóigh ceanna ná mar a cuireadh sa talamh é, bhí féasóg mór fada bán air. | 00:03:21 | |
Ní raibh mórán reiligí ann san am, marbhfáisc an t-ainm a bhíodh ar an éadach a bhíodh ar an chorp. Bhí áit i Machaire Uí Rabhartaigh a chuirtí na coirp sa ghainimh go dtí go mbíodh an la maith agus iad ábalta iad a thabhairt isteach an oileáin. Bhí áit eile i nDroim na Tinne a dhéanadh siad na coirp a chur ann fosta.
Thart fá 40 bliain ó shin i dToraí bhí an fharraige ag ithe isteach sa talamh agus bhí na cnamha a ní amach agus tá sé ráite istigh ansin go raibh corp ann fosta a bhí mar an gcéanna leis an lá a cuireadh sa talamh don chéad lá ariamh é. Thóg siad cró os a chionn. | 00:02:09 | |